Cistin Butty

Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

Fúinn

Dia duit, is mise Nessa, úinéir bródúil Butty's Kitchen atá suite san Iarthar fiáin - Béal an Mhuirthead Co. Mhaigh Eo.

Is as an gCabhán ó dhúchas dom agus bhí mo chroí istigh sa bhácáil i gcónaí. Thaitin sé go mór liom triail a bhaint as oidis nua.

Cé gur thug mé aghaidh ar ghairm san altranas, agus go bhfuil an t-ádh liom a bheith ag obair sa réimse sin fós, le breis ‘s fiche bliain anuas (a thaispeánann m’aois!) níor tháinig meath ar mo ghrá don bhácáil ariamh.

Sa lá atá inniu ann, táim ag cur fúm i mBéal an Mhuirthead, áit a ghlac an pobal álainn seo go croíúil linn, le m’fhear céile agus beirt pháistí óga iontacha. 

Go luath sa bhliain 2024 tar éis go leor spreagtha ó theaghlach agus ó chairde, ghlac mé céim mhór agus chuir mé tús le mo ghnó beag.

Mar sin, cad as a tháinig an t-ainm Butty a chloisim tú ag rá?

Bhuel, bhí mé díreach fillte abhaile ó lá dochreidte ag díol mo chuid táirgí le mo chéad stalla ag Féile Oidhreachta Bhéal an Mhuirthead. Bhí mo dheirfiúracha thuas ar laethanta saoire agus ina suí timpeall na cistine le cupán tae, ag déanamh machnaimh ar ainm feiliúnach don ghnó.

Chuaigh Wee Butty i bhfeidhm orainn, láithreach. Ba é mo leasainm agus mé ag fás aníos mar gur mé an duine is giorra i mo theaghlach (rud atá fíor fós cé nach bhfuil sa dhifríocht ach ceathrú d’orlach!). An lá dár gcionn dhear mo neacht iontach, trí bliana déag d'aois, an lógó a fheiceann tú inniu - an spideog bheag. Bhí sé chomh pearsanta, agus ós rud é gurb é Robyn a thug mé ar m’iníon, tá sé níos speisialta fós.

Ba smaoineamh simplí a bhí ann i dtosach atá anois ina thionscadal álainn teaghlaigh agus tá mé chomh sásta é a roinnt leat.